Teangacha Eile Other Langauges
Tuigimid go rí-mhaith an luach a bhaineann le teangacha agus líofacht i dteangacha eile - Binlingualism is a superpower! Is maith is eol dúinn é ach cén fáth go stopfá ag an dara teanga!
Táimid cláraithe leis an gclár 'Say Yes to Languages' agus freastlaíonn múinteoir Fraincíse ar an scoil chun ceachtanna a mhúineadh uair sa tseachtain. Tá béim curtha ar an gcumarsáid. Imrítear cluichí teangan, déantar ról imirt agus bíonn go leor drámaíochta! Is iontach a fheiscint conas mar a théann na daltaí i dtaithí ar an tríú teanga, chomh tapa san!
C'est fantastique!
I nGaelscoil, tugann teagasc na Fraincise buntáiste suntasach do pháistí agus iad ag sealbhú tríú teanga. De bhrí go bhfuil bunús láidir acu cheana féin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, bíonn daltaí níos oscailte do fhuaimeanna, do struchtúir agus do stór focal nua, rud a éascaíonn foghlaim na Fraincise. Cothaíonn an trítheangachas scileanna cognaíocha ar nós cuimhne, solúbthacht smaointeoireachta agus cumas cumarsáide, agus spreagann sé meas ar chultúir agus ar theangacha eile. Trí Fhraincis a fhoghlaim i dtimpeallacht thacúil spraíúil, cuirtear le muinín na bpáistí mar fhoghlaimeoirí teanga agus leagtar bunús láidir don fhoghlaim teangacha amach anseo.
In a Gaelscoil, teaching French or any other language offers clear advantages as pupils acquire a third language. With a strong foundation already in Irish and English, children are more receptive to new sounds, structures and vocabulary, making the learning of French more accessible and enjoyable.
Because they are already used to switching between languages, pupils tend to pick up new sounds, words and patterns more easily. Learning a third language also supports skills like memory, flexible thinking and communication, while helping children develop an interest in other cultures. Taught in a fun and supportive way, it boosts children’s confidence as language learners and encourages a lifelong love of languages.
