Lá Oidhreachta i Rang 1
28th Apr 2026
Bhí lá oidhreachta álainn timpeall na scoile ag Rang 1 inniu le Múinteoir Séamus. D'fhoghlaim na páistí faoi na crainn, na sceachacha, na bláthanna, na feithidí agus na héin timpeall na háite. Bhí deis acu cúpla pictiúr a tharraingt agus abairtí a scríobh faoi cad a d'fhoghlaim siad ar ais sa Rang níos déanaí. Ár mbuíochas le M. Séamus as an méid eolais a roinn sé linn. Bhaineamar go léir an-taitneamh as!
