Gaelscoil Durlas Éile, Gaelscoil Bhríde, Thurles, Co. Tipperary

Turas Scoile Rang a 1

4th Jun 2026

Bhí lá iontach ag Rang 1 ar an turas scoile go Fota inniu. Bhí Ciara & Nessa mar threoraithe againn don lá agus d'fhoghlaim na páistí an-chuid eolais uathu mar gheall ar na hainmhithe go léir. Bhí siad an-tógtha leis na leoin & an síota ach go háirithe agus ní raibh eagla ar bith orthu! 
Bhí am siopadóireachta an-deas againn, chomh maith le lón faoin aer.
Thángamar abhaile tuirseach ach sona tar éis an lae!